Island Fortress

 

Tá láithreacht mhíleata ar Inis Píc le breis agus dhá chéad bliain. Le linn na círéibe a bhain le Cogadh na Saoirse i Meiriceá sna 1770í agus ag tráth a raibh Éire ina dlúthchuid d'Impireacht na Breataine, bhí Corcaigh agus Calafort Chorcaí in úsáid mar phointe tionóil agus fáiltithe ag conbhuanna.

Bhí trí dhún ar Inis Píc. Cuireadh tús le hobair i 1789 ar dhún cloiche a dhear an Coirnéal Charles Vallancey le cur in ionad dhún créfoirt a leagadh i 1783 chun costais cíosa a choigilt. Tugadh ‘Dún Westmoreland’ air in onóir John Fane, an 10ú Iarla Westmoreland agus arbh é Fear Ionaid an Rí in Éirinn é ó 1789 go 1794. Tógadh an dún atá ann inniu, an tríú dún, idir 1804 agus na 1860í agus is dún ar chruth réalta é le sé hurdhún. Bhí próifíl íseal ag na daingnithe airtléire sin agus taobhanna créafóige ag claonadh anuas le hurchair na ngunnaí móra a mhaolú. Bhí na hurdhúnta uilleach chun scaoileadh cosantach ó áiteanna folaithe laistigh den dún a uasmhéadú agus bhí formhór na bhfoirgneamh folaithe go maith chun damáiste ó bhuamaí a chosc. Le linn a chuid staire, d’úsáid arm na Breataine agus arm na hÉireann, Cosaint Chósta na hÉireann agus Cabhlach na hÉireann Dún an Mhistéalaigh mar a thugtar air anois mar bhunáit ag tráthanna éagsúla.

Back